Na hEalaíona

Éire Ildánach

Tá clár Éire Ildánach i ndiaidh cur go mór le saol go leor pobal agus daoine aonair i gContae Chorcaí. Is é atá mar aidhm leis an gclár cosáin a chruthú a bheidh mar bhonn le neart féidearthachtaí cruthaitheacha agus cultúrtha, a chruthóidh nasc idir daoine aonair agus pobail agus spreagfaidh daoine de gach aois díriú ar a bpoitéinseal cruthaitheach féin.

Tá sé mar aidhm le Éire Ildánach a chinntiú go mbeidh cultúr agus cruthaitheacht ag croílár go leor de na seirbhísí atá á soláthar ag an Údarás Áitiúil. Tá foireann Chultúr agus Chruthaitheachta Chomhairle Contae Chorcaí ag díriú ar an méid sin, daoine atá ag obair i stiúrthóireachtaí éagsúla i réimsí chomh héagsúil leis an oiriúnú don athrúaeráide, comhfhorbairt áite, forbairt gheilleagrach, mar aon leis an feidhmeanna cultúrtha na n-ealaíon, leabharlanna, turasóireacht, oidhreacht agus teanga a bhfuil tuiscint níos fearr againn orthu. Baineann an grúpa seo tairbhe as comhoibriú trasdisciplíneach agus spreagann sé tionscnaimh nua chun tacú leis an seirbhísí atá á soláthar againn agus chun na seirbhísí sin a fheabhsú.