Leabharlanna

An Clár Ambasadóirí Digiteacha Leabharlanna Feiliúnach d’Aois

Tá an Clár Ambasadóirí Digiteacha Leabharlanna Feiliúnach d’Aois a bhí seolta ag an tAire Stáit ag an Roinn Sláinte, le freagracht as Meabhairshláinte agus Daoine Aosta, Mary Butler, TD, á leathadh amach anois i Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí. 

Tá sé mar aidhm ag an scéim, a forbraíodh i gcomhpháirtíocht idir Age Friendly Ireland agus Leabharlanna Éireann, tacaíocht a thabhairt do daoine aosta, rochtain a fháil ar acmhainní leabharlainne ar líne. Is féidir le leabharlannaithe atá oilte mar ambasadóirí digiteacha seisiúin cian-teagaisc a chur ar fáil ar líne agus ar an bhfón do dhaoine scothaosta, chun cabhrú leo ballraíocht leabharlainne a fháil agus an leabharlann a úsáid ar líne

Trí na seisiúin seo, beidh sé de chumhacht ag daoine aosta leas a bhaint as an raon iontach seirbhísí leabharlainne. Éascóidh an scéim do dhaoine aosta chomh maith páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí eile ar líne, ar nós ranganna, cruinnithe agus clubanna leabhar srlSan lá atá inniu ann, tá sé ríthábhachtach a bheith nasctha le chéile agus mar is eol dúinn go léir, baineann riosca ar leith don daonra aosta. Tugfaidh an clár seo tacaíocht le daoine aosta chun fanacht bainteach lena bpobail sna hamanna dúshlánacha seo.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil no seol ríomhphost chuig corkcountylibrary@corkcoco.ie le haghaidh tuilleadh eolais.