Leabharlanna

Bailiúchán Ceisteanna Sóisialta

Tá sé d'aidhm ag an Leabharlann leabhair do pháistí a chur ar fáil ina bpléitear réimse ceisteanna sóisialta agus pearsanta. Is féidir le tuismitheoirí agus múinteoirí na leabhair seo a úsáid chun páistí a chur ar an eolas faoi cheisteanna casta ar bhealach séimh sothuigthe. Pléitear na hábhair seo a leanas sna leabhair:

  • Déileáil le mothúcháin
  • An rud ceart a dhéanamh i gcomhthéacsanna sóisialta éagsúla
  • Eagla agus imní a shárú
  • Conas cairde a dhéanamh agus caidreamh a dhéanamh le daoine eile
  • Leabhair faoi iompraíocht
  • Sraith First Look; Féachaint ar eachtraí saoil agus ceisteanna sóisialta éagsúla
  • Taithí nua agus conas ar féidir le do pháiste déileáil leo 

Is bealach iontach é a leithéid de leabhair chun tuiscint shóisialta a mhúscailt i bpáistí ionas gur féidir leo tuiscint níos fearr a bheith acu orthu féin, ar dhaoine eile agus ar an domhan timpeall orthu. 

Gheobhaidh tú eolas ar an mbailiúchán iomlán anseo (pdf).

Cuireann Leabharlann Chontae Chorcaí réimse leathan acmhainní agus imeachtaí ar fáil do scoileanna chun tacú le scileanna litearthachta, uimhearthachta, cruthaitheachta agus cumarsáide páistí a fhorbairt. 

Déan teagmháil linn ag schools.library@corkcoco.ie chun iarratas a chur isteach nó le tuilleadh eolais a fháil.