Leabharlanna

R-Irisí

Tá níos mó ná trí mhíle teideal iris dhigiteach ar fáil 24/7 san aip Libby le OverDrive. Cuireann Libby ar fáil na heagráin is déanaí agus iareagráin de chuid de na hirisí is fearr leat- gan aon teorainneacha ar seiceála amach agus íoslódálacha neamhtheoranta, is féidir leat iris a bheith ar láimh le léamh agat an t-am ar fad. 

Is féidir leat iad a léamh ar líne nó a íoslódáil chuig do ríomhaire, d’fhón phóca nó do thaibléad - le méideanna priontála athraitheacha agus roghanna féachana, faigh amach thíos conas is féidir leat clárú don acmhainn iontach seo. 

Chun tús a chur le Libby: 

CÉIM 1 

Suiteáil an aip Libby ón stór app do ghléis. 

Apple App Store 

Google Play 

Nó, tabhair cuairt ar LibbyApp.com i do bhrabhsálaí Chrome, Firefox, Safari, nó Edge (Chromium). 

CÉIM 2 

I Libby, lean na leideanna chun ‘Cork County Library’ a aimsiú agus sínigh isteach le huimhir bhailí leabharlainne agus UAP 4 dhigit. 

Is féidir le baill nua leabharlainne ballraíocht a ghlacadh ar líne anois sula gcláróidh siad don aip Libby. Nó, más gá, is féidir leat do UAP a athshocrú ar líne

CÉIM 3 

Lean ort ag brabhsáil bailiúchán do leabharlainne agus faigh teideal ar iasacht. Níl aon teorainneacha seiceála ann agus tá íoslódálacha gan teorainn chomh maith. 

Beidh na h’irisí a fuair tú ar iasacht ar fáil ar feadh 21 lá ar do chuntas. Tar éis an ama seo, ní bheidh ort ach iad a fháil ar iasacht arís má theastaíonn níos mó ama chun léamh uait. 

CÉIM 4 

Tá na teidil atá ar iasacht agat le feiceáil ar do Sheilf, réidh le léamh. Má tá do ghléas ceangailte leis an wi-fi, íoslódálfaidh an teideal go huathoibríoch, ionas gur féidir leat iad a léamh nuair a bheidh tú as líne. 

Tabhair cuairt ar Libby Help Desk le haghaidh ceisteanna coitianta. 

Má tá aon cheist agat nó má theastaíonn cabhair uait chun an aip Libby a rochtain, déan teagmháil linn ar r-phost ar corkcountylibrary@corkcoco.ie  nó ar fón (021) 4546499.