Leabharlanna

Ríomhfhoghlaim Teanga

Athruithe do do Rochtain Transparent Language ar líne:

Más úsáideoir RBdigital tú roimhe sin a raibh rochtain agat ar Transparent Language ar líne le RBdigital, beidh ort athshocrú focal faire a dhéanamh chun rochtain a fháil ar do chuntas agus ar do stair foghlama.

 

Is athshocrú focal faire aon-uaire é seo agus nuair a thiocfaidh tú ar ais chuig leathanach logála isteach Transparent Language Online, beidh tú in ann rochtain a fháil air le d’ainm úsáideora agus d’ fhocal faire nua.

Chun do chuntas Transparent Language Ar Líne a athaimsiú:

 

  1. Téigh go dtí an scáileán logála isteach de do chuntas Transparent Language Ar Líne agus cliceáil ar “Forgot your username or password” nó 'Ar dhein tú dearmad ar d'ainm úsáideora nó ar d’fhocal faire?
  2. Ar an gcéad scáileán eile, cuir isteach an t-ainm úsáideora nó an réimse ríomhphoist leis an seoladh ríomhphoist a raibh á úsáid agat le do chuntas RBdigital roimhe seo.
  3. Má tá an bosca reCAPTCHA le feiceáil, cliceáil sa ticbhosca “ I am not a robot” nó ‘Ní robot mé’. Seans ann nach mbeidh é seo le feiceáil do gach úsáideoir.
  4. Cliceáil “Submit “ nó 'Cuir isteach'. Gheobhaidh tú r-phost gan mhaoill le nasc chun d’fhocal faire a athshocrú.

 

Treoir ar líne chun do chuntas a atreorú ó RBdigital go Transparent Language Online (pdf).

Foghlaim Teanga Ar Líne

Cuideoidh Transparent Language Online leat níos mó ná 100 teanga a fhoghlaim ar líne, le réimse leathan gníomhaíochtaí a bhaineann le éisteacht, léamh, labhairt (rud a ligfidh duit d’fhuaimniú a chur i gcomparáid le cainteoir dúchais) agus scríbhneoireacht. 



Cad tá ar fail:

  • Níos mó ná 100 teanga (agus ag méadú!): Ó Afracáinis go Súlúis, tá an méid teangacha atá ar fáil ag fás i gcónaí.
  • Bailiúchán fairsing Béarla: Le hábhair Bhéarla do chainteoirí níos mó ná 25 teanga, cúrsa tumoideachais meánleibhéil, agus go leor eile, tá na huirlisí ann do gach céim chun Béarla a fhoghlaim.
  • Ceachtanna na hAibítre: Más mian leat léamh agus scríobh a fhoghlaim, ní mór duit an aibítir a bheith ar eolas agat ar dtús. Déan tús maith lena chúrsa aibítir.
  • Cleachtas Labhartha: Cuireann sé ar chumas duit gníomhaíochtaí foghlama clasaiceacha ar nós cleachtas ilroghnacha agus fuaimniú, rud a ligeann duit d’fhuaimniú a chur i gcomparáid le fuaimniú cainteoir dúchais.
  • Gníomhaíochtaí Clóscríbhneoireachta: Níor chlóscríob tú riamh i dteanga iasachta? Fadhb ar bith! Tosaíonn tosaitheoirí le Clóscríobh Éasca le carachtair eachtracha a ionchur. Is féidir le foghlaimeoirí idirmheánacha dul ar aghaidh le clóscríobh leis an méarchlár dúchais atá mapáilte go hiomlán.
  • Gramadach: Clúdaíonn bailiúchán fairsing físeán agus mínithe scríofa na céadta ábhar gramadaí, ag tabhairt bunús láidir d’fhoghlaimeoirí, gur féidir leo tógáil orthu.
  • KidSpeak: cuireann sé Béarla, Spáinnis, Fraincis, Iodáilis agus Sínis Mandairínis ar eolas do do pháistí. Múineann an clár focail agus frásaí atá oiriúnach d’aois, do riachtanais agus do spéiseanna foghlaimeoirí. Treoraíonn níos mó ná 40 gníomhaíochtaí, puzail agus amhráin foghlaimeoirí óga trí na bunscileanna, mar aon le “cara” cartúin a labhraíonn an teanga.

Is féidir leat an Aip Transparent Language a íoslódáil ar aon ghléas IOS nó Android. Nó is féidir leat cuairt a thabhairt ar Transparent Language Online le do bhrabhsálaí. Níl ort ach d’uimhir leabharlainne agus do sheoladh r-phoist a bheith agat chun clárú.

Má tá aon cheist agat nó má theastaíonn cabhair uait chun rochtain a fháil ar Transparent Language Online, déan teagmháil linn le r-phost a sheoladh chuig corkcountylibrary@corkcoco.ie nó cuir glaoch orainn ar (021) 4546499.

Má tá fadhbanna teicniúla agat, is féidir leat r-phost a sheoladh chuig support@transparent.com.

Seo leanas na treoracha cabhracha atá ar fáil:

Treoir ar líne chun do chuntas a atreorú ó RBdigital go Transparent Language Online (pdf).

Treoir Transparent Language Ar Líne (pdf).

An Aip Transparent Language a íoslódáil (pdf).

Treoir Rochtana Kidspeak (pdf).