Pleanáil agus Forbairt

An Clár um Láithreáin Fholmha

Cúlra:

Faoin Acht um Athbheochan Uirbeach agus Tithe, 2015, (an tAcht) éilítear ar gach údarás pleanála Clár um Láithreáin Fholmha (an Clár) a chruthú agus a chothú go rialta.  Ní mór don Chlár a bheith bunaithe roimh Eanáir 1 2017.  Is féidir láithreán folamh a chur ar an gClár nuair a mheasann an tÚdarás go raibh sé folamh ar feadh ar a laghad 12 mhí sular cuireadh ar an gClár é.

Tá measúnú agus cainníochtú déanta ag an gComhairle maidir le líon agus suíomh na láithreán folamh, ag díriú ar Cheantair Uirbeacha Chontae Chorcaí i dtús báire. Rinneadh suíomhanna a mbeadh oiriúnach do thithíocht a mheasúnú go mion bunaithe ar na critéir atá leagtha amach san Acht, critéir ar féidir a achoimriú mar seo a leanas:
Go bhfuil limistéar níos mó ná 0.05 heicteár ag an suíomh agus go bhfuil sé criosáilte chun críocha cónaithe nó athnuachana.  Más talamh cónaithe atá i gceist go bhfuil an suíomh:

  1. Suite i limistéar ina bhfuil gá le tithíocht
  2. Go bhfuil an suíomh oiriúnach le haghaidh tithíochta, agus,
  3. Go bhfuil an láithreán nó an chuid is mó den láithreán folamh nó neamhúsáidte

Agus más talamh athnuachana atá ann:

  1. Go bhfuil an láithreán nó an chuid is mó den láithreán folamh nó neamhúsáidte, agus,
  2. Go bhfuil drochthionchar ag an láithreán folamh ar thaitneamhachtaí atá ann cheana nó go laghdaíonn sé taitneamhacht a cuireadh ar fáil mar chuid de bhonneagar agus áiseanna poiblí atá ann cheana

Íoslódáil

Láithreáin Fholmha a Aithint:

Chun cinneadh a dhéanamh faoi cibé an gcomhlíonann láithreán na critéir nó nach gcomhlíonann, ar dtús déantar an láithreán a iniúchadh, glactar grianghraif de agus ullmhaítear tuairisc ina bhfuil cur síos ginearálta den láithreán agus ina leagtar amach an stair phleanála a bhaineann leis an láithreán, más amhlaidh go bhfuil a leithéid ar fáil. 

Is riachtanas é de chuid an Achta freisin go ndéanfaí an láithreán a chur ar an gClár, go ndéanfaí sonraí maidir le húinéireacht agus teidlíocht an láithreáin a aithint, agus go ndéanfaí luach margaidh an láithreáin a chinneadh ina dhiaidh sin. Cuireadh críoch leis an bpróiseas reachtúil ag cur in iúl d'úinéirí réadmhaoine go bhfuil sé i gceist ag an údarás a réadmhaoin a chur ar Chlár na Láithreán Folamh, agus tá an tréimhse aighneachtaí 28 lá d'úinéirí a fuair fógra imithe in éag.

Clár & Tobhach na Láithreán Folamh:

Bunaíodh an Clár ar an 1 Eanáir 2017.  Caithfidh an t-údarás a chur in iúl d'úinéirí réadmhaoine roimh an 1 Meitheamh 2018 go ndéanfar tobhach a ghearradh maidir le 2018 in Eanáir 2019, ar a láithreáin, atá ar an gClár, agus gach bliain ina dhiaidh sin go dtí nach bhfuil a láithreáin folamh a thuilleadh.  Beidh an tobhach le híoc go riaráisteach gach bliain ag tosú in 2019 ag gach úinéir de láithreán folamh atá ar an gClár ar an 1 Eanáir den bhliain sin. Beidh an tobhach le híoc ar éileamh ón údarás agus déanfar é a ríomh ag 7% de luach margaidh an láithreáin.

An Próiseas Achomhairc:

Nuair a chuireann údarás áitiúil in iúl d'úinéir láithreáin go bhfuil sé i gceist aige a láithreán a chur ar Chlár na Láithreán Folamh, tá sé de cheart ag an úinéir cur ina aghaidh agus aighneacht a dhéanamh os comhair an údaráis phleanála laistigh de 28 lá.  Más rud é, tar éis iniúchadh a dhéanamh ar an aighneacht, go measann an t-údarás go raibh an láithreán folamh ar feadh na tréimhse 12 mhí atá i gceist agus gur láithreán folamh i gcónaí é, déanfaidh sé taifead den láithreán sa Chlár. Chomh luath agus a dhéantar taifead de láithreán sa Chlár, caithfidh an t-údarás é seo a chur in iúl don úinéir. Is féidir leis an úinéir, laistigh de 28 lá (ó dháta an fhógra sin), achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh os comhair an Bhoird Phleanála (ABP).  Ní dhéanfar an láithreán a thaifead ar an gClár sula ndéanfaidh ABP cinneadh faoin achomharc sin.

Roimh 1 Meitheamh 2018, caithfidh an t-údarás a chur in iúl d'úinéirí láithreán folamh atá ar an gClár ar an 1 Eanáir 2018 go mbeidh tobhach le híoc ar an láithreán do 2018 in Eanáir 2019.    Is féidir le húinéirí réadmhaoine aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an taifead sa Chlár os comhair an údaráis laistigh de 28 lá.  Más rud é, tar éis iniúchadh a dhéanamh ar an láithreán, go measann an t-údarás í gcónaí gur cheart don réadmhaoin a bheith ar an gClár, caithfidh sé é sin a chur in iúl don úinéir agus is féidir leis an úinéir, laistigh de 28 lá ó dháta an fhógra sin, achomharc a dhéanamh os comhair ABP.  Má sheasann ABP leis an achomharc, déanfar an iontráil sa Chlár a chur ar ceal.

Ní mór don údarás luach margaidh an láithreáin fholaimh a chinneadh chomh luath agus a dhéantar é a thaifead ar Chlár na Láithreán Folamh agus é sin a chur in iúl don úinéir.  Is féidir leis an úinéir an luacháil sin a achomharc os comhair an Bhinse Luachála laistigh de 28 lá ón bhfógra a fháil.  Faoi réir achomharc a dhéanamh maidir le pointe dlí, is cinneadh críochnaitheach cinneadh an Bhinse.

Is féidir le húinéir láithreán folamh a fhaigheann éileamh chun tobhach a íoc an t-éileamh sin a achomharc os comhair ABP laistigh de 28 lá ón dáta a fhaightear an t-éileamh ar an mbonn nach bhfuil an láithreán folamh a thuilleadh nó go ndearnadh botún agus an tobhach á ríomh.  Má sheasann ABP leis an achomharc sin, déanfar an iontráil sa Chlár a scriosadh agus an t-éileamh a chur ar ceal nó tabharfaidh ABP comhairle don údarás maidir leis an tobhach ceart ar chóir a ghearradh agus déanfar éileamh eile a eisiúint.