Titiocht

An féidir liom iarratas a dhéanamh ar aistriú tí?

Is féidir le tionóntaí de chuid na Comhairle, lena n-áirítear tionóntaí in áiteanna cónaithe a chuirtear ar fáil de réir an Tionscnaimh um Léasú ar Thithíocht Shóisialta, SCC, ICT nó CCTanna, iarratas a dhéanamh lena meas i gcomhair aistriú tí go dtí áiteanna cónaithe eile, sna cásanna seo a leanas:

  • Róphlódú
  • Nuair is mian le seanóirí agus le teaghlaigh eile bogadh go lóistín atá níos lú (laghdú méide)
  • Cúiseanna leighis nó trócaireachta
  • I gcás go bhfuil an tionónta ina íospartaigh na hIompraíochta Frithshóisialta agus fianaise ann ina leith, agus nuair a thacaíonn Aonad Bainistíochta Eastáit na Comhairle agus An Garda Síochána leis an iarratas ar aistriú tí
  • Cúinsí eisceachtúla eile
  • Chun an ceannach ar bhonn incriminteach a éascú, nuair a aontaigh an Chomhairle le ceannach den chineál sin

An aontóidh Comhairle Contae Chorcaí le hiarratas ar aistriú tí i gcónaí?

Éascóidh an Chomhairle iarratas ar aistriú tí má mheastar go bhfuil an t-iarratas bailí agus riachtanach. Braitheann gach iarratas ar aistriú tí ar do mhaoin reatha a bheith i riocht oiriúnach lena ligean ar cíos arís láithreach, gan aon riaráiste a bheith ann, agus taifead sásúil a bheith ann maidir le híocaíochtaí rialta.

Anuas ar na rudaí thuasluaite, ní mór do thionóntaí a bhfuil aistriú tí á lorg acu na riachtanais seo a leanas a chomhlíonadh chun sástacht an údaráis tithíochta.

  • Tá siad ina dtionónta ina n-áit chónaithe reatha le dhá bhliain ar a laghad
  • Tá cuntas cíosa glan acu – measfar riaráistí cíosa le haon aistriú tí ach d'fhéadfaí go gcuirfear san áireamh iad nuair a bhíonn comhaontú ann, agus an tionónta ag cloí leis an gcomhaontú sin chun aghaidh a thabhairt ar aon riaráiste den chineál sin thar thréimhse chomhaontaithe ama
  • Tá a n-áit chónaithe i ndea-bhail fós, faoi réir iniúchta uirthi
  • Chloígh siad le coinníollacha a gComhaontaithe Tionóntachta agus níl aon taifead acu maidir le hIompraíocht Fhrithshóisialta

D'fhéadfaí tosaíocht a thabhairt do theaghlach a bhfuil tacaíocht tithíocht shóisialta á fáil aige nuair nach bhfuil an mhaoin ina bhfuil sé ina chónaí ar fáil dó a thuilleadh gan aon mhilleán air féin nó d'ainneoin aon ghníomh arna dhéanamh aige féin, toisc nach leis an gComhairle an teach nó toisc nach bhfuil an teach ar fáil mar áit chónaithe a thuilleadh mar thacaíocht tithíocht shóisialta, .i. socruithe infhaighteachta maidir le cóiríocht cíosa, tionscnaimh um léasú fadtéarmach, srl.

Measfar comhiarratasóirí ar aistriú tí, aistrithe idir tionóntaí de chuid údarás tithíochta éagsúil, forbairtí deonacha tithíochta, aonaid léasaithe, srl. san áireamh, ar a bhfiúntais féin.

Measfar iarratasóirí a athraíodh go SCC sular tugadh na Rialacháin um Measúnú Tithíochta Sóisialta, 2011 isteach ar an 1 Aibreán 2011, le haghaidh na Tithíochta Sóisialta mar "iarratasóirí ar aistriú tí". Tabharfar creidmheas d'iarratasóirí ar aistriú tí den chineál sin as an am atá caite acu ar an liosta feithimh tithíochta ó dháta a n-iarratas ceadaithe ar thithíochta. Leithdháilfear tithíocht ar thionóntaí den chineál sin i gcomhréir le hOrd na dTosaíochtaí mar a leagtar amach é i Scéim Leithdháileacháin Chomhairle Contae Chorcaí.  

Beidh feidhm ag an bPolasaí um Dhiúltú, de réir Scéim Leithdháileacháin Chomhairle Contae Chorcaí, maidir le hiarratasóirí ar Aistriú Tí freisin. 

I gcás éigeandála nó i gcásanna eisceachtúla leighis/trócaireachta, d'fhéadfadh an Chomhairle neamhaird a thabhairt ar aon cheann de na coinníollacha thuasluaite, nó ar na coinníollacha uile, agus aistriú tionóntachta á cheadú aici.

Nuair a cheadaítear aistriú do thionónta, ní mór do na tionóntaí lena mbaineann glacadh lena n-áit chónaithe nua sa bhail ina bhfuil sí.  Ní mór an mhaoin reatha a thabhairt ar ais do Chomhairle Contae Chorcaí i mbail shásúil agus níor cheart don tionónta aon bhruscar ná fuíollábhar a fhágáil ina dhiaidh.

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Theas, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Áras an Chontae, Corcaigh

Teil 021 4285501, 021 4285215, 021 4285332, 021 4285327, 021 4285265 nó úsáid ár Foirm Fiosrúcháin ar Líne.

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí.

Teil 022 21123 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne.

Oibríochtaí Roinne Chorcaigh Thiar, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Sráid an Cheantaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí 

Teil 023 8833328 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne.