Titiocht

Cumann Cónaitheoirí in Eastáit Chomhairle

Nuair a chuirtear Cumann Cónaitheoirí ar bun, caithfear gur ann do na rudaí seo a leanas chun tacaíocht na Comhairle a fháil:  Cruinniú ginearálta a dtugtar cuireadh do gach teaghlach freastal air; Ainmniúcháin/Daoine Deonacha don choiste (Is féidir é seo a dhéanamh ag an gcruinniú).

Agus an coiste tofa, caithfear na hoifigigh seo a leanas a thoghadh. D'fhéadfadh sé seo a bheith níos éasca, mar tá seans ann nár mhaith le daoine a n-ainmneacha a chur isteach ar ról ar leith i bhfóram poiblí:

  • Cathaoirleach; 
  • Rúnaí Onórach; 
  • Cisteoir.  

Cé nach bhfuil Rúnaí Cúnta riachtanach, ba cheart beirt a bheith ag plé le cúrsaí airgid : Cisteoir Cúnta; Iontaobhaithe.

Ní mór na rudaí seo a leanas a bheith agaibh freisin:

  • Cuntas bainc oscailte in ainm an Chumainn. Ba cheart go mbeadh beirt as na triúr ball coiste ainmnithe ar fáil chun seiceanna a shíniú nó chun aistarraingtí a dhéanamh
  • Teagmháil déanta leis na gníomhaireacht ar féidir leo cabhrú, m.sh.: Garda Pobail, SECAD, Foróige agus Oibrí Pobail de chuid na FSS
  • Plean gníomhaíochta don chéad bhliain
  • Is féidir leis an gCoiste iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú agus ar Árachas Dliteanais Phoiblí