Titiocht

Obair Dheisiúcháin a Iarraidh

Tá Stoc Iomlán de nach mór 7,500 aonad ag Comhairle Contae Chorcaí. Pléann aonad cothabhála freagartha tiomnaithe le gnáthghlaonna cothabhála agus le glaonna cothabhála éigeandála. In 2017, freastalaíodh ar 6,574 glaoch cothabhála freagartha ar an iomlán ar fud an chontae. Den chuid is mó, is éard a bhíonn i gceist le glaonna cothabhála ná: fadhbanna pluiméireachta, téimh, leictreacha, struchtúracha inmheánacha agus seachtracha.

Má tá oibreacha deisiúcháin ag teastáil ó do theach cónaithe, ba cheart duit a fháil amach ar dtús cibé an í do fhreagracht na hoibreacha sin a dhéanamh nó nach í. Gearrfar muirear ar an tionónta as aon glaoch amach neamhriachtanach chun iniúchadh ar dhéanamh ar rudaí atá de fhreagracht ar an tionónta i ndáiríre.

Más í an Chomhairle atá freagrach as na hoibreacha a dhéanamh, ba cheart duit é sin a chur in iúl don Chomhairle. Déanfaimid cúram do d'iarratas chomh luath agus is féidir.     

Cothabháil Éigeandála: Déantar na hoibreacha deisiúcháin sin i gcás go bhféadfadh baol a bheith ann do shaol an duine, m.sh. deatach ag teacht ó chlár fiúsanna, soicéid fhabhtacha.             

Cothabháil Phráinneach: Déantar na hoibreacha deisiúcháin sin go tapa chun nach ndéanfaí damáiste don áit chónaithe, m.sh. píopaí ag sileadh, easpa uisce ag teacht ón sconna te, díon ag sileadh.       

Gnáthchothabháil: Is oibreacha deisiúcháin a bhfuil meántábhacht ag baint leo iad sin, m.sh. oibreacha plástrála, fánphíobáin agus gáitéir, fuinneoga agus doirse sheachtracha.

Is féidir leat breathnú ar an Lámhleabhar Tionónta (pdf) reatha chun tuilleadh eolais a fháil ar oibreacha deisiúcháin.

Contact Us:

Déan Teagmháil Linn:

Corcaigh Theas
, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Áras an Chontae, Corcaigh Teil021 4285302

Corcaigh Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí Teil: 022 30469

Corcaigh Thiar, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Sráid an Cheantaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí  Teil: 023 8863728