Titiocht

Straitéis Mhíchumais

Tithíocht a chur ar fáil do Dhaoine faoi Mhíchumas

Forbraíodh An Straitéis Náisiúnta Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas 2011 - 2016, a foilsíodh in 2011, agus an doiciméad gaolmhar dar teideal an Creat Náisiúnta maidir le Cur i bhFeidhm, atá ina gcomhfhoilseacháin de chuid na Roinne Comhshaoil, Pobail agus Rialtais Áitiúil agus na Roinne Sláinte i gcomhréir le Fís don Athrú (beartas meabhairshláinte an Rialtais) agus In Am Bogadh ar Aghaidh ó Láthraitheacha Comhchónaithe (Tuarascáil an Ghrúpa Oibre ar Láthraitheacha Comhchónaithe) chun tacaíocht a thabhairt ó thaobh an uasmhéid neamhspleáchais agus roghanna do dhaoine faoi mhíchumas i suíomhanna cónaithe pobalbhunaithe.

Gníomhaíocht Tosaíochta 1.1 den Chreat Náisiúnta maidir le Cur i bhFeidhm is - Rochtain ar Thithíocht Shóisialta: A chinntiú go bhfuil rochtain chothrom ann do dhaoine faoi mhíchumas ar thacaíochtaí iomchuí tithíochta sóisialta. 

Príomhbheart chun an ghníomhaíocht sin a bhaint amach ná go bhforbrófar gach Údarás Tithíochta ar leith straitéis chun freastal go háitiúil ar na riachtanais shainaitheanta tithíochta atá ag daoine faoi mhíchumas fisiceach, intleachta, meabhairshláinte agus céadfach. 

 

an straitéis seo (pdf) forbartha ag Grúpa Stiúrtha Tithíochta agus Míchumais Chontae agus Chathair Chorcaí chun teacht leis an ngníomhaíocht tosaíochta sin. Aithníodh gur ionann roinnt de na páirtithe leasmhara sa dá údaráis agus bhí sé níos oiriúnaí, dá bhrí sin, grúpa stiúrtha amháin a bheith ann chun an dá limistéar a chlúdach chun an dúbláil a sheachaint agus straitéis ar leith á forbairt do gach limistéar riaracháin.

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Theas, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Urlár 4, Áras an Chontae, Corcaigh

Teil: 021 4285501, 021 4285215, 021 4285332, 021 4285327, 021 4285265 nó úsáid ár  bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Thuaidh, Roinn Tithíochta, Oifigí na Comhairle, Annabella, Mala, Co. Chorcaí.

Teil: 022 21123 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne

Oibríochtaí Roinne Chorcaí Thiar, Roinn Tithíochta, Comhairle Contae Chorcaí, Sráid an Cheantaigh, Cloich na Coillte, Co. Chorcaí 

Teil: 023 8833328 nó úsáid ár bhFoirm Fiosrúcháin ar Líne