Leabharlann Mhaigh Chromtha

Macroom Library

Tá Leabharlann Mhaigh Chromtha tar éis aistriú go dtí Radharc an Iarnróid, Maigh Chromtha, ar feadh tréimhse sínte, fad is atá athchóiriú á dhéanamh ar fhoirgneamh Bhearna na Sceiche.

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n.

Dúnta ar an Luan.

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine saoire bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Cuireann Leabharlann Mhaigh Chromtha réimse seirbhísí ar fáil do dhaoine fásta agus páistí, lena n-áirítear leabhair, closleabhair, scannáin ar DVDanna, dlúthdhioscaí agus CD-ROManna a fháil ar iasacht.

Ina theannta sin, tá R-irisleabhair agus réimse mór r-chlosleabhar agus r-leabhar ar fáil do bhaill na leabharlainne.

Tá na nuachtáin seo a leanas ar fáil le léamh sa leabharlann: The Irish Examiner, The Irish Times, The Corkman, The Southern Star, The Farmer's Journal agus The Evening Echo. 

Tá bailiúchán ábhair faoi stair áitiúil Mhaigh Chromtha agus na gceantar máguaird sa leabharlann chomh maith le bailiúchán tagartha ina bhfuil an Clár Toghthóirí, léarscáileanna de chuid na suirbhéireachta ordanáis, agus na Pleananna Forbartha Contae.

Leithreas poiblí ar fáil.

 

Rochtain Idirlín 

Tá rochtain idirlín ar fáil ar ríomhairí poiblí. Moltar ríomhaire a chur in áirithe roimh ré. Tá Wi-Fi saor in aisce ann do bhaill na leabharlainne.

 

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i Leabharlann Mhaigh Chromtha. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

 

2.) Ó do bhrabhsálaí

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

 

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store.
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

Bróisiúr cianda priontála

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive (pdf)

 

Imeachtaí

Eagraítear Am Scéalaíochta gach Satharn ag 12.00 pm agus is ball foirne de chuid na leabharlainne a chuireann i láthair é.

Buaileann an Club Leabhar do Dhaoine Fásta le chéile an chéad Chéadaoin de gach mí ag 11.30 am.

Eagraítear Ceadal Gramafóin agach dara hAoine den mhí ag 11.00 am.             

Cruinníonn an Grúpa Cniotála "The Macroom Purlies" le chéile ag 11.30 am ar an gcéad Déardaoin agus ar an tríú Déardaoin den mhí.

Buaileann an Ciorcal Cainte le chéile gach dara Déardaoin den mhí ag 11.30 am.

Buaileann an Club Beiriste le chéile ar an tríú Céadaoin den mhí ag 10.30 am.