Céim a Trí - Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029 Chomhairle Contae Chorcaí

Ghlac Comhairle Contae Chorcaí le Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029 ar an Luan an 12 Feabhra 2024.

Tagann Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide 2024-2029 Chomhairle Contae Chorcaí le cuspóirí agus le spriocanna náisiúnta an Rialtais i leith na haeráide, a bhfuil sé mar aidhm acu bogadh i dtreo geilleagar saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de, inbhuanaithe ó thaobh na timpeallachta de, agus atá neodrach agus a bhfuil cumas teacht aniar aige ó thaobh na haeráide de faoin mbliain 2050. Leagtar amach mianta na hÉireann a bhfuil ceangal dlí leo san Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú) 2021, a bhfuil sé i gceist acu astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 51% faoi 2030.

Bainfidh Comhairle Contae Chorcaí úsáid as a Plean Gníomhaithe ar son na hAeráide (CAP) agus í ag pleanáil conas a laghdóidh sí astuithe gáis cheaptha teasa óna cuid sócmhainní agus bonneagair féin, agus ról níos leithne á ghlacadh ag an am céanna chun tionchar a imirt ar ghníomhaíochtaí aeráide na bpobal agus na bpáirtithe leasmhara eile agus iad a éascú agus a chomhordú agus an méid a dhéanfaidh sí chun tacú le gníomhaíocht aeráide i gContae Chorcaí.