Ceanncheathrú Iasachtaithe

Lending HQ

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine: 9.30r.n. - 5.30i.n. 

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine saoire bainc.

Dúnta ar an Satharn.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Is cúis átháis do Leabharlann Chontae Chorcaí réimse éagsúil leabhar, closleabhar agus DVDanna a chur ar fáil don phobal ag an leabharlann iasachtaithe i gCeanncheathrú na Leabharlainne. Tá sé suite ar Urlár 1 agus Urlár 2 in Áras Leabharlann an Chontae ar Bhóthar Charraig Ruacháin (in aice le Halla an Chontae).

Tá sé d'aidhm againn freastal ar dhaoine de gach aoisghrúpa agus díol spéise. Déantar leabhair nua agus leabhair shárdhíola a chur go rialta lenár mbailiúcháin ficsin agus neamhfhicsin do pháistí, déagóirí, daoine óga agus daoine fásta.

Anuas air seo, tá bailiúchán mór drámaíochta agus bailiúchán ceoil scríofa chórúil againn chomh maith.

Tá rogha nuachtán laethúil agus nuachtán Domhnaigh ar fáil le léamh sa leabharlann. I measc na n-irisleabhar atá ar fáil le léamh tá Hello, Irish Tatler agus Woman's Way. 

Leithreas poiblí ar fáil.

 

Rochtain Idirlín

Tá rochtain idirlín agus Wi-Fi ar fáil saor in aisce do bhaill na leabharlainne.

Imeachtaí

Buaileann Club Leabhar do Dhaoine Fásta le chéile ar an Déardaoin deireanach den mhí. 

 

Leabharlann Tagartha agus Staidéir Áitiúil 

Uaireanta Oscailte

Luan go hAoine, : 9.30 r.n. - 5.30 i.n. 

Dúnta ar an Satharn.

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine saoire bainc.

Is sainrannóg í an Rannóg Tagartha agus Staidéir Áitiúil i Leabharlann an Chontae. Gach lá, freagraítear ceisteanna faoi réimse leathan ábhar a bhaineann go háirithe leis an staidéar áitiúil, ginealas agus tagairt ghinearálta. Tá bailiúchán mór ag an rannóg seo de shainshaothair tagartha, ciclipéidí, almanaig, bliainirisí, atlais agus áiseanna tagartha eile. Ina theannta sin, is í príomhthaisclann Leabharlann Chontae Chorcaí d'ábhar a bhaineann leis an stair áitiúil - leabhair, nuachtáin agus léarscáileanna san áireamh.

Tá roinnt bailiúchán ar leith ar fáil sa Leabharlann Tagartha agus Staidéir Áitiúil freisin:

  • Bailiúchán Chorcaí
  • An Bailiúchán Foilseachán Poiblí
  • Bailiúchán Tagartha Éireann
  • An Bailiúchán Beathaisnéise
  • An Bailiúchán Stair Theaghlaigh
  • Bailiúchán de Litríocht na hÉireann as Béarla
  • Litríocht na Gaeilge
  • Bailiúchán Tréimhseachán

 

Bailiúcháin Nuachtán

Is féidir leis an bpobal féachaint ar aon cheann de na míreanna atá sna bailiúcháin seo. Ní féidir na hábhair atá i seilbh na Rannóige Tagartha agus Staidéir Áitiúil a fháil ar iasacht.

Tá rogha nuachtán náisiúnta, nuachtán áitiúil seachtainiúil agus irisleabhar ar fáil le léamh sa leabharlann.

Rochtain Idirlín

Tá rochtain idirlín agus Wi-Fi ar fáil saor in aisce do bhaill na leabharlainne.

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé hAoine a bhailiú ar an lá sin.

 

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil. 

2.) Ó do bhrabhsálaí:

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir! 

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry):

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.



 * Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé hAoine a bhailiú ar an lá sin.

Bróisiúr cianda priontála

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

 

Déan Teagmháil Linn

Guthán: (021) 4285640

R-phost: localstudieslibrary@corkcoco.ie

Gréasán: www.corklocalstudies.ie