Leabharlann Bheanntraí

Bantry Library

Uaireanta Oscailte

Dé Máirt go Dé Sathairn: 9.30r.n. - 5.30i.n.

Dúnta ar an Luan. 

Dúnta Dé Sathairn gach deireadh seachtaine Saoire Bainc.

Déan teagmháil le do leabharlann áitiúil, le do thoil, chun na huaireanta oscailte is déanaí a fháil agus na seirbhísí atá ar fáil.

 

Is féidir le daoine fásta agus páistí réimse leathan leabhar, leabhair ar théipeanna, dlúthdhioscaí agus DVDanna san áireamh, a fháil ar iasacht ó Leabharlann Bheanntraí.

Tá na nuachtáin seo a leanas ar fáil le léamh sa leabharlann:  the Irish Examiner, the Irish Times agus the Southern Star. 

 

Rochtain Idirlín

Tá rochtain idirlín ar fáil ar ríomhairí poiblí do bhaill na leabharlainne agus cuairteoirí. Moltar an tseirbhís seo a chur in áirithe roimh ré.

Tá seirbhís WiFi saor in aisce ar fáil do gach ball leabharlainne i Leabharlann Bheanntraí. Is féidir le húsáideoirí na Leabharlainne logáil isteach ar an Wi - Fi ar aon ghléas atá cumasaithe don idirlíon.

 

Priontáil cianda 

Is féidir leat priontáil go cianda anois chuig an printéir i leabharlann mBeanntraí. Is féidir leat priontáil ó do tháibléad nó d’fhón póca, nó ó do ríomhaire baile nó ríomhaire glúine, nó doiciméid a sheoladh go díreach le ríomhphost. Ansin bailigh do phriontaí ó bhall foirne sa leabharlann roimh am scoir gnó an lá dar gcionn. Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

 

 A4 dubh agus bán 15 cent san leathanach

Daite A4 60 cent san leathanach.

** Teastaíonn sóinseail beacht agus do bheart priontála á bhailiú agat.

1.)  Le ríomhphost 

Ceangail do dhoiciméad le r-phost bán agus bí cinnte go áiríonn tú teideal ábhair sula gcuirtear ar aghaidh chuig ceann de na seoltaí ríomhphoist atá curtha ar fáil.

 

2.) Ó do bhrabhsálaí

Téir chuig PrinterOn agus uaslódáil do bheart priontála agus seol go díreach chuig an printéir!

 

3.) Ó Taiblead nó Fónpóca (Android / Apple / Blackberry)

  1. Íoslódáil an Aip PrinterOn ó Google Play StoreiTunes App Store.
  2. Oscail an aip agus roghnaigh an rud is mian leat a phriontáil.
  3. Bí cinnte go bhfuil do sheirbhísí suíomh cumasaithe nó bain úsáid as an cód QR chun printéirí na leabharlainne a aimsiú.

 

* Tabhair faoi deara go bhfuil suas le 20 nóiméad i gceist sula mbeidh do dhoiciméad réidh le scaoileadh ón printéir agus caithfidh tú do bheart priontála a bhailiú roimh ama scoir ghnó an lá dar gcionn.

** Bí cinnte le do thoil go bhfuil an seoladh ríomhphoist ceart agat ónar sheol tú an doiciméad mar tá sé seo riachtanach agus do bheartpriontála á bhailiú agat.

***Eisceacht: Caithfear aon bheart priontála a sheolfar Dé Sathairn a bhailiú ar an lá sin.

Bróisiúr cianda priontála

Conas pas bordála a phriontáil

Conas priontáil a dhéanamh ó Google Drive

 

Féile Litríochta Iarthar Chorcaí

An bhliain seo chugainn, beidh an fhéile ar siúl idir Iúil 2020.

Chun tuilleadh eolais a fháil faoin bhFéile, cliceáil, le do thoil, ar an nasc seo a leanas: westcorkmusic.ie

 

Imeachtaí a bhíonn ar siúl go rialta

Buaileann Club Leabhar Leabharlann Bheanntraí le chéile ar an gcéad Déardaoin den mhí ag 12 meán lae. Tugann Clubanna Leabhar deis do mhuintir na háite buaileadh le daoine eile a bhfuil dúil acu sna leabhair. Déantar plé ar dhá leabhar gach mí. Beidh deis agat do thuairim faoi leabhar áirithe a chur in iúl i dtimpeallacht réchúiseach neamhfhoirmeálta. Cuireann an meascán de thuairimí agus tráchtaireacht leis an sásamh a bhaineann gach duine as an leabhar. Tá saorchead isteach, amhail na himeachtaí ar fad a eagraíonn Leabharlann Chontae Chorcaí.

Buaileann Grúpa Scríbhneoirí Leabharlann Bheanntraí le chéile ar an dara Satharn den mhí ó 10:30am-1pm.

Bíonn Scéalaíocht do Pháistí ar siúl gach Satharn ag 11 am le haghaidh páistí idir 4 bliana agus 8 mbliana d'aois. Tá saorchead isteach.

Is féidir breathnú sa leabharlann ar Réamheolairí Oideachais na gcoláistí go léir atá comhcheangailte leis an Lár-Oifig Iontrála.

Buaileann an Ciorcal Cainte Gaeilge le chéile gach Céadaoin ag meán lae.

Buaileann an Grúpa Cniotála le chéile ar an Aoine idir 11am agus 1pm.

 

Treoracha go dtí an Leabharlann

Agus tú ag teacht ó Phríomhchearnóg Bheanntraí, cas ar chlé ag Eastáit Harrington.

Téigh suas an tSráid Nua agus lean ar aghaidh do dtí Sráid an Droichid (gach ceann acu ina sráid aontreo) go dtí go dtiocfaidh tú chuig roth mór uisce. Tá Leabharlann Bheanntraí suite in aice leis an roth uisce seo.