Boithre Agus Iompar

Faisnéis Soilsithe Poiblí agus Tuairisciú Lochtanna

Tuairiscigh Fabht Soilsithe Phoiblí nó Fabht Solais Sráide

Tuairiscigh É - Fadhbanna Soilsithe Phoiblí agus eolas faoi conas iad a thuairisciú

Tá Electric Skyline Utility Solutions (AUS) faoi chonradh ag Comhairle Contae Chorcaí chun Soilsiú Poiblí a chur ar fáil agus a chothabháil i gContae Chorcaí.

Is féidir leat fabht a thuairisciú go díreach le Electric Skyline.

nó Cuir Glaoch ar Electric Skyline ag: 1800 150 150.

D'fhéadfaí go mbeidh ort an t-eolas seo a leanas a chur ar fáil:

Ainm an bhaile nó an tsráidbhaile agus ainm na sráide.
Suíomh an tsolais (taobh amuigh de theach uimhir 5, mar shampla).
An uimhir ar an gcuaille.
D'ainm agus d'uimhir theagmhála.

Tá uimhir ar gach cuaille

Mura bhfuil uimhir ar an solas, is dócha nach Electric Skyline atá á choinneáil agus, dá bhrí sin, is dócha nach bhfuil sé faoi chúram Chomhairle Contae Chorcaí. Sa chás sin, is é forbróir an eastáit atá freagrach as na soilsí go fóill. Tuairiscigh aon fhabht le soilsí den chineál sin don fhorbróir.

Cásanna Éigeandála

Dá bhfeicfeá aonad an tsoilsithe phoiblí á leagan, nó rud ar bith eile fiú a mheasfá a dteastaíonn aird phráinneach ina leith, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh le Electric Skyline ag an uimhir thuas béim a chur ar an bpráinn a bhaineann leis an ábhar. Má bhíonn imní ort go bhfuil cuaille beo mar gheall ar thimpiste nó ar chúis eile, agus mura bhfuil tú in ann freagra a fháil láithreach ó Electric Skyline mar gheall go bhfuil sé lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre, ba cheart duit glaoch a chur ar uimhir  Éigeandála an BSL, 1800 372 999, chun an fhadhb a thuairisciú agus déanfaidh an BSL an láithreán sábháilte.

Tuilleadh Eolais

Lámhleabhar Soilsithe Poiblí agus Sonraíocht Táirgí Chomhairle Contae Chorcaí 2023 (pdf)

Foirm iarratais ar Soilsiú Poiblí a ghlacadh (doc)