Oibríochtaí na gCeantar Bardasach agus Forbairt Tuaithe

Comhghuaillíocht a Thacaíonn le Haois Chontae Chorcaí

Tá Comhairle Contae Chorcaí agus Corcaigh Aoisbháúil ana-bhródúil as a dtacaíocht a fhógairt don Chlár Tithe Aoisbháúla Folláine. Is comhchlár é seo ó Sláintecare agus Aoisbhá Éireann. Is clár dhá bhliain é, á rolladh amach ar fud naoi gceantar Údaráis Áitiúil. Tá sé mar aidhm ag an gclár arna mhaoiniú ag Sláintecare suas le 4,500 teach a bhaint amach ar fud naoi gceantar Údaráis Áitiúil thar an dá bhliain.

Is é sprioc an chláir ná tacú le daoine aosta fanacht ina gcónaí ina dtithe agus ina bpobail féin. Aithneofar riachtanais shuntasacha chúraim shóisialta sna daoine scothaosta seo agus atá i mbaol dul in ospidéal nó dul isteach roimh am i gcúram cónaithe fadtéarmach. Tá sé mar aidhm ag an gclár seo tacaíochtaí a dhíriú ar na daoine scothaosta seo i bhfoirm a ndálaí maireachtála a fheabhsú, chomh maith le rochtain ar thacaíochtaí leanúnacha sláinte agus cúraim shóisialta agus tacaíochtaí pobail oiriúnaithe a fheabhsú. Tacóidh na Comhordaitheoirí Áitiúla le daoine scothaosta agus lena dteaghlaigh na seirbhísí a aimsiú trí iad a nascadh go réamhghníomhach leis na tacaíochtaí agus na seirbhísí cuí.

Is é Anthony Holmes an Comhordaitheoir Áitiúil do Chontae Chorcaí agus beidh measúnuithe á ndéanamh aige leis na rannpháirtithe. Tá an Bróisiúr um  Thithe Aoisbháúla Folláine, agus an fhoirm Atreorúcháin um Thithe Aoisbháúla Folláine ar fáil le híoslódáil. Is féidir le duine ar bith atreoruithe a dhéanamh fad is a fhaightear toiliú na rannpháirtithe nó is féidir leis na rannpháirtithe atreorú don chlár a dhéanamh dóibh féin más mian leo. Tá físeán ar fáil chomh maith a thaispeánann Measúnú do Thithe Aoisbháúla Folláine.