Na hEalaíona

Sparántacht Chamchuartaíochta agus Taispeántais Idirnáisiúnta

Tá an sparánacht seo beartaithe le cabhrú le healaíontóirí aonair deiseanna idirnáisiúnta léirithe nó taispeána a fhorbairt dá gcuid oibre.  An aidhm atá leis ná cúnamh airgeadais a thabhairt maidir leis na costais a bhaineann le haschur cruthaitheach nua le healaíontóirí atá ina gcónaí i gContae Chorcaí agus aa obair ann a léiriú os comhair lucht féachana idirnáisiúnta. Níl ach ealaíontóirí gníomhacha lonnaithe i gContae Chorcaí incháilithe le hiarratas a dhéanamh.

Ní bhronnfar cúnamh deontais ach amháin i gcás iarratas a chomhlíonann na riachtanais ealaíne agus airgeadais a leagann Comhairle Contae Chorcaí amach. Tabhair faoi deara go gcoimeádann Comhairle Contae Chorcaí an ceart aici féin cur le líon agus luach na ndámhachtainí, nó iad a laghdú. 

Cuspóirí Dámhachtana

  • Cabhrú le healaíontóirí atá bunaithe sa chontae a gcuid oibre a roinnt le lucht féachana idirnáisiúnta.
  • Tacú le forbairt gairme agus próifíl ghairmiúil ealaíontóirí atá bunaithe sa chontae.
  • Ealaíontóirí a chumasú naisc a chruthú le poiblitheoirí agus ionad ealaíon lasmuigh d'Éirinn.

Líon agus Luach na ndeontas

An t-uasmhéid deontais is féidir a iarraidh ná €2,000. An buiséad atá ar fáil, a shocrófar roimh an bpróiseas roghnúcháin, a chinnfidh líon na ndámhachtainí ar féidir a bhronnadh. Níl aon dul thar chinneadh Chomhairle Contae Chorcaí maidir le luach agus líon na ndeontas ar féidir a bhronnadh.

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, cliceáil anseo.