Leabharlanna

Clár Litearthachta NEWSTART

Is Clár Litearthachta Luathbhlianta é NEWSTART, a thacaíonn le scileanna Uimhearthachta, Litearthachta agus Scríbhnóireachta.

Is clár saor in aisce é NEWSTART, le tacaíocht ón gCiste Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Cuntas Neamhgníomhacha, a cuireann ar fáil faisnéis litearthachta, físeáin phraicticiúla agus TCLL ( Tadhall-Chlóscríobh Léigh agus Litriú) cúrsa ilchéadfach ar líne a mhúineann Tadhallchóscríobh, Léitheoireacht agus Litriú ag an am céanna. 

 

Tá sé mar aidhm ag NEWSTART ná tacaíocht a thabhairt do leanaí a bhfuil deacrachtaí acu le léitheoireacht, scríbhnóireacht, litriú agus comhaireamh, scillenna méarchláir agus litearthacht, lena n-áirítear disléicse agus dyspracsia,  ina bhfuil san áireamh comhairle agus ionchuir ó ghairmithe cláraithe sa réimse,  curtha ar fáil trí ábhar ar líne agus i gcló.  

 Tá an clár seo ar fáil trí gach uile brainse leabharlainne agus gach leabharlann taistil Sheirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí.  

Tugann Leabhrán Eolais Litearthachta NEWSTART (pdf) cabhair do thuismitheoirí agus do chúramóirí chun tacú a thabhairt lena leanbh le Uimhearthacht, Litereathacht agus Scríobhneoireacht. Ta sé lán de chomhairle luachmhar lena n-áiritear moltái leabhair, scileanna ama scéalaíochta, liostaí leabhair i gcóir luath léitheoirí agus leideanna obair bhaile. Tá an clár seo ar fáil trí gach brainse leabharlainne agus trí na leabharlanna taistil de Sheirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí 

 

Físeán Jess Kennedy (Mise&MoTS)

Bíonn Dolores Casey, Leabharlannaí Seirbhísí, Leanaí agus Scoile, ag comhrá le Jess Kennedy, Teiripeoir Saothair MYOT&ME faoi conas déileáil le ceisteannaa thagann chun cinn le paiste a bhfuil deacrachtaí chéadfach aige. Is iad na hábhair a phléitear ná conas a chur ar do pháiste suí go socair, agus an scoil agus an obair bhaile, agus a scileanna eagrúcháin a bhainistiú. Tá trí fhíseán eile le Jess ina bhfuil san áireamh leideanna maidir le súgradh, mionscileanna mótair agus ollscileanna mótair.

 

Físeán Lorraine O'Donnell (MyDyslexiaTutor)

Bíonn Dolores Casey, Leabharlannaí Seirbhísí Leanaí agus Scoile, ag comhrá le Lorraine O'Donnell, Teagascóir Disléicse,  maidir le conas déiláil le diagnóis disléicse páiste, conas mothúcháin, caidraimh sóisialta agus scoil a bhainistiú,  agus conas cruthaitheacht a chothú. 

TCLL: Tadhallchlóscríobh Léamh & Litriú

Is cúrsa é TadhallChlóscriobh Léigh Litriú (TCLL) atá bunaithe ar an ngréasán atá cairdiúil don litearthacht,  a mhúineannTadhallclóscríbhneoireacht, léamh agus litriú ag an am céanna. Tá sé oiriúnach do leanaí 7 nó 8 mbliana d’aois. Banneann an Cumann Disléicse úsáid as agus cuimsíonn sé féachaint, éisteacht agus clóscríobh agus mar sin is clár ilchéadfach é. Is cuid den chlár litearthachta NEWSTART é a thairgeann Seirbhís Leabharlainne agus Ealaíon Chomhairle Contae Chorcaí. 

Tá sé mar aidhm ag an gclár seo cabhrú le leanaí: 

• Léitheoireacht, Scríbhneoireacht, Litriú agus Comhaireamh.  

• Scileanna Méarchláir Ríomhaire.  

• Saincheisteanna litearthachta ar nós disléicse. 

 

Rachadh an clár seo chun tairbhe do:  

• Dhaltaí a bhfuil deacrachtaí litrithe, léitheoireachta nó scríbhneoireachta acu. 

• Dhaltaí a bhfuil ag foghlaim Béarla mar dhara teanga (ESL). 

Cuireann an clár seo ar fáil:  

• Teagasc TCLL céim ar chéim ar líne le haiseolas agus scóir.  Is féidir le daltaí ar scoil nó go príobháideach sa bhaile rochtain a fháil air (teastaíonn gléas le méarchlár ceangailte).  

• Físeáin eolais le hionchur ó Theagascóir Saothair agus Disléicse.  

• Eolas litearthachta le cabhair don léitheoireacht, don scríbhneoireacht agus don uimhearthacht. 



 Le haghaidh tuilleadh eolais, déan teagmháil le do bhrainse leabharlainne áitiúil nó do leabharlann taistil.