Pleanáil agus Forbairt

Plean Feabhsaithe Iompar agus Fearainn Phoiblí Charraig Uí Leighin

Artists impression of daily life in a public realm setting

Is creat iompair chomhtháite é Plean Feabhsaithe Iompar agus Fearainn Phoiblí Charraig Uí Leighin (TPREP) atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar an mbonneagar iompair agus ar fheabhsú an fhearainn phoiblí a theastaíonn chun tacú le forbairt inbhuanaithe an bhaile.

Cuspóirí:

  • Daoine a nascadh le háiteanna trí líonra iompair inbhuanaithe agus an leibhéal spleáchais ar charranna sa bhaile a laghdú;
  • Lár baile bríomhar a chruthú, áit inar féidir le daoine bualadh le chéile, siopadóireacht a dhéanamh, gnó a dhéanamh agus spraoi a bheith acu;
  • An timpeallacht thógtha a sholáthar chun cabhrú le gnó a athnuachan i lár an bhaile;
  • Líon níos mó cónaitheoirí a spreagadh chun siúl agus rothaíocht sa bhaile;
  • Rochtain ar dheiseanna oideachais, sóisialta agus fostaíochta a fheabhsú.
Amlínte  
Tosú an Tionscadail Iúil 2020
Tuarascáil Bunlíne Nollaig 2020
An 1ú Babhta Comhairliúcháin Phoiblí Feabhra 2021
2ú Babhta Comhairliúcháin Phoiblí Meitheamh 2021
Plean Deiridh Iompar Charraig Uí Leighin agus Feabhsú an Fhearainn Phoiblí Iúil 2021

D’fhormhuinigh na Comhaltaí Tofa tuarascáil deiridh TPREP Charraig Uí Leighin ag cruinniú Cheantar Bardasach Charraig Uí Leighin an 19 Iúil 2021.