Cork County Council Seeks Public’s Views on Culture and Creativity

Cork County Council is inviting people to share their views, ideas and suggestions about culture and creativity in County Cork. A series of public meetings will be held online and across the county during August as part of the new Cork County Culture and Creativity Strategy 2023 - 2027.

Cork young filmmakers Bandon Summer Filmweek

Cork County Council is inviting people to share their views, ideas and suggestions about culture and creativity in County Cork. A series of public meetings will be held online and across the county during August as part of the new Cork County Culture and Creativity Strategy 2023 - 2027.

The strategy aims to broaden access to and participation in cultural and creative activities in County Cork. It will provide a road map for how culture and creativity can be used as a catalyst for collaboration and innovation in achieving community wellbeing, social cohesion and economic development over the next five years.

It is part of the Creative Ireland Programme which has delivered more than 5,700 creative projects in partnership with local authorities since 2017. During that time more than 200,000 people have participated in initiatives led by Cork County Council. Some of these include the inaugural 2021 Cork County Library Teen Literature Festival; On the Wireless, a radio documentary celebrating creativity in older age; pop-up art and design shops in Fermoy, Carrigaline, Mallow and Youghal, and commissioning a brand-new play in Irish for children with Graffiti Theatre Company.

The Mayor of the County of Cork, Cllr Danny Collins is encouraging people to have their say. He said, “We are delighted to welcome the views and suggestions from people on what culture and creativity means for them and their families in their local area and communities. The past few years have highlighted how much our culture and the ability to creatively express oneself means to us. The new strategy will be inclusive and mindful of the impact that culture and creativity can have on the wellbeing of individuals, communities and people visiting our wonderful county.”

Chief Executive of Cork County Council, Tim Lucey added, “The strategies developed by all local authorities in 2017 as part of the Creative Ireland Programme worked really well and we plan to build on what has already been achieved. A Culture and Creativity Team has been established within Cork County Council and there is a recognition of the role of culture and creativity in a broad range of areas from climate action to heritage, to community development, and health and wellbeing. We want to consult with the public, artists, arts and cultural organisations and other representative bodies to get a wide range of contributions.  By gaining an understanding of people’s experience of the Creative Ireland Programme to date and their ideas and suggestions for the future, we can create a strategy that will be relevant to people in all parts of the county.”

People can share their ideas at the public meetings in Bandon, Mallow and at County Hall, at the online meeting or in writing online. The deadline for written submissions is midnight on the 21st August 2022. The Cork County Culture and Creativity Strategy 2023 – 2027 will be finalised at the end of this year.

Public meetings will take place in August at the following locations:

Mallow Library 10th August 7pm – 8pm

Bandon Library 11th August 7pm – 8pm

Cork County Council Chamber, County Hall, Carrigrohane Road, Cork City, 16th August 6.30pm – 8pm.

Online meeting 17th August 7pm – 8pm.

To RSVP or to receive the link for the online meeting,  please email the Arts Office on arts@corkcoco.ie or call 021 4285995 in advance.

Written submissions may also be made on the Council’s Customer Service Portal at www.yourcouncil.ie

Tá Comhairle Contae Chorcaí ag tabhairt cuireadh do dhaoine a gcuid tuairimí, smaointe agus moltaí a roinnt faoi chultúr agus cruthaitheacht Chontae Chorcaí. Reáchtálfar sraith cruinnithe phoiblí ar líne agus ar fud an chontae i rith Lúnasa mar chuid de Straitéis nua Cultúir agus Cruthaitheachta Chontae Chorcaí 2023 - 2027.

Tá sé mar aidhm ag an straitéis rochtain agus rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí cultúrtha agus cruthaitheacha a leathnú  i gContae Chorcaí. Soláthróidh sé treochlár don chaoi ar féidir cultúr agus cruthaitheacht a úsáid mar chatalaíoch le haghaidh comhoibrithe agus nuálaíochta agus folláine pobail, comhtháthú sóisialta agus forbairt eacnamaíoch a bhaint amach thar na cúig bliana atá romhainn.

Tá an straitéis seo mar chuid de Chlár Éire Ildánach a bhfuil níos mó ná 5,700 tionscadal cruthaitheach seachadta aige i gcomhpháirtíocht le húdaráis áitiúla ó 2017. I rith an ama sin ghlac breis agus 200,000 duine páirt i dtionscnaimh stiúrtha ag Comhairle Contae Chorcaí. Áirítear orthu sin an chéad Fhéile Litríochta do Dhéagóirí de chuid Leabharlann Chontae Chorcaí 2021; On the Wireless, clár faisnéise raidió a dhéanann ceiliúradh ar chruthaitheacht i ndaoine níos sine; Tob-Shiopaí ealaíne agus dearaidh i Mainistir Fhear Maí, Carraig Uí Leighin, Mala agus Eochaill, agus dráma úrnua i nGaeilge do pháistí á choimisiúnú i gcomhar le Graffiti Theatre Company.

Tá Méara Chontae Chorcaí, an Comhairleoir Danny Collins ag spreagadh daoine a dtuairimí a thabhairt dúinn. Dúirt sé, “Tá lúcháir orainn fáiltiú roimh thuairimí agus mholtaí daoine ar cad is brí le cultúr agus cruthaitheacht dóibh féin agus dá dteaghlaigh ina gceantar agus ina bpobail áitiúla. D'aibhsigh na blianta beaga anuas cé chomh tábhachtach is atá ár gcultúr agus ár gcumas sinne a chur in iúl go cruthaitheach. Beidh an straitéis nua chuimsitheach agus aireach ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag cultúr agus cruthaitheacht ar leas daoine aonair, pobail agus daoine a thugann cuairt ar ár gcontae iontach.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Chorcaí, Tim Lucey, “D’oibrigh na straitéisí a d’fhorbair gach údarás áitiúil in 2017 mar chuid de Chlár Ildánach go hana-mhaith agus tá sé beartaithe againn tógáil ar a bhfuil bainte amach cheana féin. Tá Foireann Cultúir agus Cruthaitheachta bunaithe laistigh de Chomhairle Contae Chorcaí agus tugtar aitheantas do ról an chultúir agus na cruthaitheachta i raon leathan réimsí ó ghníomhaíocht aeráide go hoidhreacht, go forbairt pobail, agus sláinte agus folláine. Ba mhaith linn dul i gcomhairle leis an bpobal, le healaíontóirí, le heagraíochtaí ealaíon agus cultúrtha agus le comhlachtaí ionadaíocha eile chun raon leathan ionchuir a fháil. Trí thuiscint a fháil ar thaithí daoine ar Chlár Éire Ildánach go dtí seo agus ar a gcuid smaointe agus moltaí don todhchaí, is féidir linn straitéis a chruthú a bheidh ábhartha do dhaoine i ngach cearn den chontae.”

Is féidir le daoine a gcuid smaointe a roinnt linn ag na cruinnithe poiblí i nDroichead na Bandan, Mala agus ag Halla an Chontae, ag an gcruinniú ar líne nó i scríbhinn ar líne. Is é meán oíche an 21 Lúnasa 2022 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí scríofa. Tabharfar Straitéis Cultúir agus Cruthaitheachta Chontae Chorcaí 2023 – 2027 chun críche ag deireadh na bliana seo.

Beidh cruinnithe poiblí ar siúl i mí Lúnasa sna láithreacha seo a leanas:

Leabharlann Mhala 10 Lúnasa 7in – 8in

Leabharlann Dhroichead na Bandan 11 Lúnasa 7in – 8in

Seomra Chomhairle Contae Chorcaí, Halla an Chontae, Bóthar Charraig Ruacháin, Cathair Chorcaí, 16 Lúnasa 6.30in – 8in.

Cruinniú ar líne 17ú Lúnasa 7in – 8in.

Chun RSVP a sheoladh nó chun nasc a fháil don chruinniú ar líne, seol ríomhphost le do thoil chuig an Oifig Ealaíon ag arts@corkcoco.ie nó glaoigh ar 021 4285995 roimh ré.

Is féidir aighneachtaí scríofa a dhéanamh chomh maith ar Thairseach na Comhairle do sheirbhísí custaiméara ag www.yourcouncil.ie