Na hEalaíona

Na hEalaíona atá bunaithe ar Ghaeilge

Iarrann Comhairle Contae Chorcaí ar tograí ó Ealaíontóirí, agus Eagraíochtaí Ealaíon d'imeachtaí, tionscadail nó gníomhaíochtaí ealaíne atá bunaithe ar Ghaeilge. Is í aidhm na snáithe maoinithe seo ná tacaíocht a thabhairt d'ealaíontóirí aonair nó do ghrúpaí ealaíon chun obair nua a chruthú nó imeacht nó gníomhaíocht ealaíon atá bunaithe ar Ghaeilge a chur chun cinn.

Is é cuspóir an mhaoinithe seo ná:

  • chun cuidiú le himeachtaí nó gníomhaíochtaí nua Gaeilge a chur chun cinn i rith  Féilte nó i gcláir bhliantúla na ngrúpaí ealaíon áitiúil.
  • leibhéil níos airde cruthaitheacha rannpháirtíochta sna healaíona a spreagadh trí mheán na Gaeilge
  • lucht féachana nua a fhorbairt do na healaíona tríd an nGaeilge
  • cabhrú le deiseanna nua a chruthú don phobal chun taitneamh a bhaint as eispéiris chultúrtha trí mheán na Gaeilge
  • cúnamh a thabhairt don Chomhairle maidir lena sheirbhísí cultúrtha a sheachadadh níos cothroime
  • Chun é a cur ar chumas d'ealaíontóirí agus eagraithe ealaíon oibriú le chéile chun léiriúcháin, gníomhaíochtaí agus imeachtaí nua a fhorbairt ag baint úsáide as an Ghaeilge

Is é an príomhchuspóir atá againn ná gníomhaíochtaí ealaíon atá bunaithe ar theangacha a chur chun cinn trí Ghaeilge agus is féidir go n-áireofaí modhanna mar drámaíocht, scéalaíocht, puipéadóireacht, aithris, amhránaíocht, scannán agus litríocht, a úsáid.

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, cliceáil anseo.