Leabharlanna

Sparántacht Tyrone Guthrie

Cuireann Comhairle Contae Chorcaí dhá sparánacht ar fáil in aghaidh na bliana d'ealaíontóirí d'aon disciplín atá ina gcónaí i gContae Chorcaí faoi láthair chun cabhrú le tréimhse oibre dhá seachtain ag Ionad Tyrone Guthrie, Eanach Mhic Dheirg, Co. Mhuineacháin.

Tabhair faoi deara

• Tá Sparánacht Tyrone Guthrie oscailte do chleachtóirí i ngach foirm ealaíne lena n-áirítear scríbhneoirí, cumadóirí, ceoltóirí, amharc-ealaíontóirí, scannánóirí, agus lucht na dtaibh-ealaíon, amharclannaíochta agus damhsa agus na n-ilmheán.

• Ba cheart d'iarratasóirí a shonrú ar bhealach soiléir beacht an rud ata siad ag iarraidh a bhaint amach le linn a bhfanachta ag Eanach Mhic Dheirg.

• Ní mór d'iarratasóirí a bheith ina gcónaí i gceantar Chontae Chorcaí faoi láthair.

• Ba cheart go bhfuil gaisce suntasach déanta ag na hiarratasóirí ina rogha réimse cheana féin.

• Caithfear iarratasóirí a roghnófar a bheith in ann tabhairt faoi chónaitheacht laistigh d'aon bhliain amháin ó bhronnfar an dámhachtain.

Le tuilleadh eolais a fháil agus chun iarratas a dhéanamh, cliceáil anseo.