Pleanáil agus Forbairt

Iarratais agus Cinntí Forbartha Díolmhaithe

Teastaíonn cead pleanála le haghaidh gach forbairt nach bhfuil díolmhaithe faoin dlí pleanála.

Leagtar amach san Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 agus sna Rialacháin um Pleanáil agus Forbairt 2001 (arna leasú) catagóirí forbartha atá ina bhforbairt dhíolmhaithe, is é sin le rá, díolmhaithe ón gceanglas ginearálta cead pleanála a fháil.

Leagtar amach sa reachtaíocht tairseacha éagsúla a bhaineann le hairde nó méid, mar shampla. Má sháraítear na tairseacha seo, ní bheidh feidhm ag na díolúintí a thuilleadh, agus teastaíonn cead pleanála.

Tá duine i dteideal forbairt dhíolmhaithe a dhéanamh faoi réir théarmaí na reachtaíochta.

Tá sásra curtha ar fáil faoi Alt 5 den Acht um Pleanáil agus Forbairt 2000 arna leasú, ina bhféadfaidh aon duine, ar dó/di an táille ábhartha (€80 faoi láthair) a íoc, dearbhú a iarraidh ó Chomhairle Contae Chorcaí maidir le cibé acu an forbairt* nó forbairt dhíolmhaithe* í aon fhorbairt ar leith.

(* sainmhínítear na téarmaí seo go sonrach sa dlí pleanála)

Is é sin le rá, is é atá i gceist le hIarratas ar Dhearbhú Alt 5 ná an nós imeachta a chaithfear a leanúint más mian leat go ndeimhneoidh Comhairle Contae Chorcaí i scríbhinn cibé acu an dteastaíonn nó nach dteastaíonn cead pleanála chun aon fhorbairt áirithe a dhéanamh (i bhfocail eile, cibé acu an forbairt dhíolmhaithe nó nach forbairt díolmhaithe í aon fhorbairt ar leith).

Chun Dearbhú Alt 5 a iarraidh, ní mór duit:

  • An t-iarratas a chur isteach i scríbhinn, ag baint úsáide as an bhfoirm seo a leanas:  Foirm Iarratais ar Dhearbhú Díolúine (pdf) {Is doiciméad PDF ineagarthóireachta é seo}
  • An táille chuí a chur faoi iamh (€80 faoi láthair)
  • A chinntiú go bhfuil cur síos mionsonraithe ar an togra san áireamh i gCuid 3 den bhfoirm iarratais
  • Gach léarscáil, plean maidir le leagan amach an láithreáin agus líníochtaí ábhartha a chur isteach mar atá leagtha amach ar an bhfoirm iarratais.  Tabhair do d'aire, le do thoil, go gcaithfear léarscáileanna/líníochtaí atá níos mó ná méid A3 a chur isteach trí ríomhphost freisin ina luaitear go mbaineann siad le hIarratas Alt 5. Seol ríomhphost chuig  planninginfo@corkcoco.ie, nó westcorkplanninginfo@corkcoco.ie de réir mar is cuí. 
  • Cuir an oiread faisnéise agus is gá ar fáil chun gur féidir measúnú ar an ábhar a a dhéanamh

Féadfaidh Comhairle Contae Chorcaí iarraidh ar iarratasóir tuilleadh faisnéise a chur isteach chun a chur ar a cumas measúnú agus cinneadh ar an ábhar a dhéanamh.

Más rud é, tar éis do Chomhairle Contae Chorcaí Dearbhú Alt 5 a eisiúint, go bhfuil tú míshásta le cinneadh na Comhairle, féadfaidh tú, ar tháille a íoc agus laistigh de 4 seachtaine ó dháta an chinnidh, an cheist a chur ar aghaidh chuig an mBord Pleanála lena hathbhreithniú – gabh chuig láithreán gréasáin an Bhoird Phleanála chun na sonraí a fháil.

Iarratais Halla an Chontae - Dearbhuithe Alt 5

Iarratais Iarthar Chorcaí - Dearbhuithe Alt 5